Céim Chun Cinn le tacaíocht ó COGG
Is ceisteanna ilrogha iad na ceisteanna ar fad ar Céim Chun Cinn. Níl le déanamh ach cliceáil ar an bhfreagra ceart A, B, C nó D. I ndiaidh duit do rogha a dhéanamh, nochtfar an freagra ceart duit agus ní bheidh aon ghá duit dul á lorg san innéacs. Níos tábhachtaí fós, tagann míniú le freagra gach ceiste ionas go dtuigeann tú conas teacht ar an bhfreagra.
Gné iontach de chuid Céim Chun Cinn is ea gur féidir leat ceist a shábháil i bhfilteán ar an deais, má bhíonn deacracht agat leis, agus filleadh air níos déanaí, é a taispeáínt do do chairde scoile nó múinteoir chun níos mó treorach a fháil ar an ábhar.
Rangaítear na ceisteanna ar fad de réir Scrúdaithe, Ábhar agus Toipice (laistigh den ábhar) agus de réir rangaithe deacrachta. Mar shampla, is féidir ceisteanna a scagadh de réir Ardteiste- Mata- Ailgéabar-le ráta deacrachta de 3 as 10 nó Sraith Shóisearach- Mata- Staitisticí- le ráta deacrachta de 5 as 10.
Seo a leannas roinnt ceisteanna samplacha ónár mbunachar:
Ceist Shamplach 1
An tSraith Shóisearach- Matamaitic- Ceimseata
Ceist: Aimsigh ar an léaráid seo a leannas luach ∠b má tá ∠a=23°

Freagraí:
A. 203°
B. 23°
C. 180°
D. 157°
Freagra ceart D: 157°
Míniú: Os rud é gur line díreach é AB. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ∠a+∠b = 180°. Os rud é gur ∠a=23° mar sin ∠b=180°-23° = 157°
Ceist Shamplach 2
Ardteist – Matamaitic- Gnáthleibhéal- Uimhreacha Coimpléascacha
Ceist: Má tá z=0+3i, aimsigh 2z
Freagraí:
A. 6i
B. 6
C. 18i
D. 2 + 3i
Freagra ceart A: 6i
Míniú:
Nuair a iolraímid uimhreacha coimpléascacha faoi uimhir sheasamhach, iolraímid an uimhir sheasamhach faoi gach téarma de na huimhreacha coimpléascacha. Sa chás seo, tugann sé 2(0) +2(3i) = 6i dúinn.
Ceist Shamplach 3
An tSraith Shóisearach- Matamaitic – Mata Airgeadais
Ceist: Táirgeann mionchomhlacht idirbliana cácaí beaga ar chostas €1.20 an cheann agus díolann siad iad ar €2.50. Ríomh an brabús a thuillfidh an mionchomhlacht má dhíolann siad 50 cáca I rith margadh cácaí.
Freagraí:
A. €60
B. €65
C. €125
D. €50
Freagra ceart B: €65
Míniú: Chun brabús a ríomh ar gach cáca, bainimid costas táirgthe gach cáca €1.20 ó phraghas gach cáca a dhíoltar ar €2.50. Mar sin, €2.50 (praghas díolachaín) – €1.20 (bunphraghas) = €1.30 (brabús ar gach cáca). Ansin, chun brabús iomlán an chomhlachta a ríomh, iolraímid an líon iomlán cácaí díolta (50 cáca) faoin mbrabús ar gach cáca (€1.30). Tugann sé seo 50 x €1.30 = Brabús €65.
Tóg amach ballraíocht anois chun tuilleadh ceisteanna mar seo a rochtain.