Líon Mór Ceisteanna — Gráid níos fearr

Céim Chun Cinn le tacaíocht ó COGG

FAQs

Tá sé saor in aisce ballraíocht a thógáil le Classroom Winners. Beidh fáil ag baill nua ar roinnt mhaith ceisteanna chun triail a bhaint as an ardán agus féachaint ar conas mar a oibríonn sé. Ina dhiaidh sin, tá táille shíntiúis de €9.95 in aghaidh na míosa.

Is féidir. Níl aon ghealltannas fadtéarmach ann nó conarthaí le Classroom Winners. Is féidir leat ballraíocht míosa a thógáil agus é a cheallú aon uair gur mian leat.

Gnéith sainiúil de chuid suíomh Classroom Winners ná go ndéantar grádú ar gach ceist ó 1 go 10, bunaithe ar dheacracht na ceiste. Ní hiad Classroom Winners nó múinteoirí a shocraíonn rátáil na deacrachta, ach líon na ndaltaí a éiríonn leo an cheist a fhreagairt i gceart. Mar shampla, má éiríonn le hochtar as deichniúr an cheist a fhreagairt i gceart, is léir gur ceist furasta go leor í agus bhronnfaí grád a 2 ar an gceist sin. Mura bhfeagródh ach triúr as deichniúr an cheist i gceart , bheadh sé soiléir gur ceist dheacair í agus bhronnfaí grád a 7 ar an gceist sin.

Is iad ár saineolaithe inmheánacha a chuireann an chéad bheart cheisteanna le chéile ar shuíomh gréasáin Classroom Winners. Ina dhiaidh sin, cuireann réimse éagsúil múinteoirí agus daltaí ceisteanna leis, sa tslí chéanna a chuireann daoine ábhair nua ar Wikipedia. Moltar do dhaltaí féachaint ar an suíomh go rialta toisc go gcuirtear ceisteanna nua leis gach lá.