Líon Mór Ceisteanna — Gráid níos fearr

Céim Chun Cinn le tacaíocht ó COGG

Mar a oibríonn sé

Cabhraíonn Céim Chun Cinn le daltaí torthaí níos fearr a bhaint amach ina gcuid scrúduithe tríd árdan a chur ar fáil inar féidir le daltaí cleachtadh a dhéanamh ar a méid atá foghlamtha acu ar scoil.

Tarlaíonn an chuid is tábhachtaí den fhoghlaim ar scoil lenár múinteoirí. Treoraíonn ár múinteoirí muid tríd bunphrionsabail na foghlama agus tugann sé bunchloch daingeann dúinn dár n-ábhair ar fad. Is gá dúinn cleachtadh a dhéanamh ar an méid ata foghlamtha againn ónár múinteoirí agus cuireann Céim Chun Cinn ardán ar fáil dúinn chun é sin a dhéanamh.

Seo hiad na fáthanna gur ardán iontach foghlama é Céim Chun Cinn

  • Ardán soiléir furasta atá ann a thugann an deis duit tosú ag obair gan mhoill. Roghnaíonn tú an t-ábhar atá uait, roghnaigh toipic agus ar aghaidh leat.
  • Bunachar ollmhór ceisteanna: Cuirimid an bunachar de cheisteanna ilrogha agus freagraí ar fáil. Is féidir le daltaí daingniú a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha acu sa rang tríd na céadta ceist a dhéanamh ar gach toipic i ngach ábhar. Cleachtadh a dhéanann máistreacht.
  • Ceisteanna ilrogha le freagraí: Is ceisteanna illrogha iad na ceisteanna ar fad ar Céim Chun Cinn. Níl le déanamh ach cliceáil ar an bhfeagra ceart A, B, C nó D. Tar éis duit do rogha a dhéanamh, nochtfar an freagra ceart duit agus ní bheidh aon ghá dul á lorg san innéacs.
  • Níos tábhachtaí fós, tagann míniú le freagra gach ceiste ionas go dtuigeann tú conas an teacht ar an bhfreagra.
  • Ceisteanna grádaithe: Rangaítear gach ceist ar Céim Chun Cinn ó ghrad 1- 10. Ní bhronnann na daoine a chumann nó a scríobhann na ceisteanna na grádanna ó 1-10, ach tá an grádú bunaithe ar líon na ndaltaí a fhreagraíonn na ceisteanna i gceart. Is féidir le daltaí na ceisteanna a scagadh ionas nach dtaispeántar ach ceisteanna le grád a 1 dóibh mar shampla, sula mbogann siad ar aghaidh go dtí ceisteanna níos deacra.
  • Torthaí seisiúin ceiste inroinnte: Gintear achoimre torthaí tar éis gach seisiúin ceisteanna ag léiriú torthaí do chuid oibre agus an t-eolas seo a leannas: Dáta, am agus fad an tseisiún- Líon na gceisteanna freagraithe- Líon na gceisteanna a freagraíodh i gceart- An grád% as 100%. Níos tábhachtaí fós, is féidir an achoimre seo a roinnt le múinteoirí, tuismitheoirí agus cairde ranga.
  • Ceisteanna a shábháil ar liostaí: Gné iontach eile ná an cumas ceisteanna a shábháil ar liostaí difriúla a chruthaíonn tú. Is féidir ceist a theastaíonn uait a thaispeaínt do do mhúinteoir a shábháil chun tuilleadh ceisteanna a chur orthu faoin ábhar.
  • Do cheisteanna féin a scríobh: Is ardán slua-foinsithe é Céim Chun Cinn. Ciallaíonn sé seo go gcuirtear fáilte roimh mhúinteoirí agus daltaí a gceisteanna féin a chur leis an mbunachar. ( tá gach ceist faoi réir fhaomhadh)